6 Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú;ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thineagus go n‑alpfadh sí éagus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadhar son theach Iosrael.
7 [Is mairg] dóibh siúda dhéanann mormónta as an bhfíréantachta chaitheann an ceart uathu ar lár;
8 Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon,a dhéanann solas de dhuibhe na hoícheagus a dhorchaíonn arís an lá,a ghaireann ar uiscí na farraigeagus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún;an Tiarna is ainm dó.
9 Teilgeann sé léirscrios ar an dún,sa chruth go gcreachtar an daingean,
10 ar fuath leo an fear a chuireannceart dlí i bhfeidhm ag an ngeataagus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.
11 Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán,agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air,na tithe sin a thóg sibh le clocha snoitení chónóidh sibh iontu;na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibhní ólfaidh sibh a bhfíon.
12 Óir is eol domsa iomad bhur gciontaagus méid bhur bpeacaí;sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab,a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.