1 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom:cliabh de thorthaí aibí.
2 “A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé.“Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé.Ansin dúirt an Tiarna liom:Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt,ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
3 Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin,- is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn -beidh na corpáin gan áireamh annagus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
4 Éistigí leis seo,sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoiríchun bochtáin na tíre a dhíothú.