10 Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaíagus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile;cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach,agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir.Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh;agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
11 Féach, tá na laethanta chugaibh,a deir an Tiarna Dia,nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,nach gorta bia ná dí é,ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.
12 Tuisleofar ó fharraige go farraige;seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.
13 An lá sin titfidh idir chailín deasagus bhuachaill breá i laige le tart.
14 An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáireagus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!,go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”,titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.