2 “A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé.“Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé.Ansin dúirt an Tiarna liom:Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt,ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
3 Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin,- is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn -beidh na corpáin gan áireamh annagus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
4 Éistigí leis seo,sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoiríchun bochtáin na tíre a dhíothú.
5 Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,ionas go ndíolfaimid arbhar,agus leis an tsabóid,ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mórtrí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
6 go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgeadagus an t‑ainniseoir le péire cuarán,agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?
7 Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choícheaon rud dá bhfuil déanta acu.
8 Nach dá bhrí seo a chritheann an talamhagus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann?Tá sí ag borradh ar nós na Níleagus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?