7 Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choícheaon rud dá bhfuil déanta acu.
8 Nach dá bhrí seo a chritheann an talamhagus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann?Tá sí ag borradh ar nós na Níleagus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?
9 An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia,tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin,agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.
10 Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaíagus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile;cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach,agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir.Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh;agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
11 Féach, tá na laethanta chugaibh,a deir an Tiarna Dia,nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,nach gorta bia ná dí é,ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.
12 Tuisleofar ó fharraige go farraige;seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.
13 An lá sin titfidh idir chailín deasagus bhuachaill breá i laige le tart.