1 Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra.Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha.Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir;maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh,ní éalóidh aon duine,ní thiocfaidh aon duine slán.
2 Má thochlann siad a mbealach go Seóltarraingeoidh mo lámhsa as iad;má dhreapann siad go harda neimhecuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.
3 Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeilcuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad;má théann siad i bhfolach uaimi ngrinneall na farraige ordóidh médon Nathair greim a bhaint astu ansiúd.
4 Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iadordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin,agus ní le gnaoi ach le holc chucua choimeádfaidh mé súil orthu.”
5 An Tiarna Dia na Slua,baineann sé leis an domhan agus leánn é,agus caoineann cách dá gcónaíonn ann;éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Nílagus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.