12 ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadómagus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu a ghabháil,”a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.
13 “Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna,“nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí,agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir;silfidh na sléibhte fíon milisa rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.
14 Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair;tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu;cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon;saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.
15 Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iadón tír atá tugtha agamsa dóibh,”a deir an Tiarna, bhur nDia.