5 An Tiarna Dia na Slua,baineann sé leis an domhan agus leánn é,agus caoineann cách dá gcónaíonn ann;éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Nílagus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.
6 Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas,agus leagann a stua ar an talamh.Glaonn sé ar uiscí na farraigeagus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún.Is é an Tiarna a ainm.
7 “Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach,a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna.“Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt,nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftóragus na hAramaeigh ó Chír?
8 Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúilagus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún;ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,”a deir an Tiarna.
9 “Óir, féach, ordóidh mé teach Iosraela chraitheadh i measc na gciníocha go léirmar a chraithfeá arbhar le criathar;ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.
10 Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh,iadsan a deir: ‘Ní bhéarfaidh an t‑olc orainnená ní thiocfaidh sé fhad linn.’ ”
11 “An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár,druidfidh mé a bhearnaí,deiseoidh mé na fothraigh,atógfaidh mé é mar a bhí anallód,