12 “Promhaigh do shearbhóntaí ar feadh deich lá, impím ort; tugtar glasraí mar bhia dúinn agus uisce le hól.
13 Déan ár gceannaithe agus ceannaithe na n‑ógán a itheann bia blasta an rí a iniúchadh, agus déan le do sheirbhísigh beart de réir mar a fheicfidh tú.”
14 Ghéill sé dóibh sa ghnó seo agus phromhaigh sé iad ar feadh deich lá.
15 I gceann an deich lá chonacthas gurbh fhearr a ndealramh, agus gur mhó an cothú feola a bhí orthu, ná ar na hogáin uile a d'ith bia blasta an rí.
16 Thóg an stíobhard uathu dá bhrí sin a mbia blasta agus an fíon a bhí le hól acu agus dháil orthu na glasraí.
17 Dála an cheathrar ógánach seo, bhronn Dia orthu eolas agus clisteacht san uile fhoghlaim agus eagna; agus bhí tuiscint ag Dainéil ar fhíseanna agus ar aislingí de gach sort.
18 Nuair a tháinig an t‑am a d'ordaigh an rí iad a thabhairt ina láthair, thug máistir na gcoillteán isteach os comhair Nabúcadnazar iad.