Dainéil (Gr) 12 ABN

1 “San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n‑aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar.

2 Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí.

3 Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.”

4 “Ach tusa, a Dhainéil, iaigh na briathra agus cuir séala ar an leabhar go huain na críche. Rithfidh mórán anseo agus ansiúd, agus méadóidh ar an eolas.”

An Fháistine le Séalú

5 Ansin d'fhéach mise, Dainéil, agus féach beirt eile ina seasamh, duine ar an mbruach seo agus duine ar an mbruach thall den abhainn.

6 Dúirt [duine díobh] leis an bhfear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha: “An fada go críoch na n‑iontas seo?”

7 An fear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha, d'ardaigh sé a lámh dheas agus a lámh chlé chun neimhe agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann de shíor: “Go ceann ré, dhá ré agus leathré, agus comhlíonfar na nithe seo uile nuair a bheidh deireadh le smiotadh chumhacht na naomh.”

8 Chuala mé, ach níor thuig mé. Ansin dúirt mé: “A thiarna liom, cad é an chríoch a bheidh leo siúd?”

9 Dúirt sé: “Imigh leat, a Dhainéil, mar tá na briathra iata séalaithe go huain na críche.

10 Déanfaidh a lán iad féin a ghlanadh, a scagadh, agus a ghealadh; ach déanfaidh na drochdhaoine an urchóid; ní thuigfidh na drochdhaoine; tuigfidh na saoithe.

11 Agus ón uair a thógfar an uileloscadh buan chun siúil agus a chuirfear suas gráiniúlacht an léirscriosta, míle dhá chéad is a nócha lá.

12 Is beannaithe an té a mhairfidh agus a thiocfaidh chun an mhíle trí chéad tríocha is a cúig lá.

13 Ach imighse leat (go dtaga an chríoch); tóg do shuaimhneas, agus éireoidh tú chun an ionaid atá beartaithe duit i gcríoch na laethanta.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14