Dainéil (Gr) 9 ABN

An Seachtó Seachtain

1 Sa chéad bhliain de réimeas Dháire, mac Áisiuéaróis, de chine na Méideach, a rialaigh ríocht na gCaildéach -

2 sa chéad bhliain dá réimeas, scrúdaigh mise, Dainéil, an scrioptúr ag ríomh líon na mblianta, de réir mar a d'fhoilsigh Dia don fháidh Irimia, ba chóir a chomhlíonadh sula mbeadh críoch le scriosadh agus milleadh Iarúsailéim - seachtó bliain.

3 Ansin d'iompaigh mé m'aghaidh ar an Tiarna Dia, á thóraíocht le guí agus le hurnaí, le troscadh, le sacéadach agus le luaithreach.

4 Ghuigh mé chun an Tiarna mo Dhia, agus rinne mé admháil mar a leanas: “Ó, a Thiarna, a Dhia mhór na heagla, a chomhlíonann an conradh agus an buanghrá dóibh siúd a ghránn tú agus a choimeádann d'aitheanta,

5 pheacaíomar, rinneamar éagóir, rinneamar urchóid, rinneamar brath, ag tréigean d'aitheanta agus do reachta.

6 Níor éisteamar le do shearbhóntaí, na fáithe, a labhair i d'ainm lenár ríthe, ár bprionsaí, ár n‑aithreacha, agus le pobal uile na tíre.

7 Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad.

8 Orainne, a Thiarna, tá ceann faoi, ar ár ríthe, ar ár bprionsaí, ar ár n‑aithreacha, mar gur pheacaíomar i d'aghaidh.

9 Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh.

10 Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe.

11 Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh.

12 Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir.

13 Mar atá scríofa i ndlí Mhaois tá an tubaiste seo go léir tagtha orainn; ach níor impíomar fabhar i láthair an Tiarna, ár nDia, agus filleadh ónár gcionta agus a géilleadh do d'fhírinne.

14 Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth.

15 Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach - agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin - tá an peaca, an urchóid, déanta againne.

16 A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh d'fhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n‑aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn.

17 Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe.

18 Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n‑ainnise agus an chathair ar a nglaoitear d'ainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n‑urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire.

19 A Thiarna, tabhair cluas dúinn! a Thiarna, tabhair maithiúnas! A Thiarna, tóg ceann dúinn agus déan beart! Ná moilligh - ar do shon féin! a Dhia, mar tá glaoite ar d'ainm i gcabhair ar do chathair agus ar do phobal.”

20 Labhair mé arís, agus ghuigh mé ag admháil mo pheacaí féin agus peacaí mo phobail, Iosrael, agus ag déanamh m'urnaí i láthair an Tiarna, mo Dhia, ar son shliabh naofa mo Dhé.

21 Ag labhairt dom i mo ghuí, tháinig chugam faoi lánseol, Gaibriéil - an neach a bhí feicthe agam i bhfís ar dtús - ar uair íobartha na nóna.

22 Dúirt sé liom: “A Dhainéil, seo mise: tháinig mé amach chun teacht agus tú a theagasc san eagna.

23 I dtosach d'achainí ghabh briathar amach agus táim tagtha chun é a insint duit mar is mór mar a thugtar grá duit. Iniúch an focal, tuig an fhís:

24 Tá seachtó seachtain beartaithedo do mhuintir agus do do chathair naofa,chun deireadh a chur leis an sárú,chun críoch a chur leis na peacaí,chun leorghníomh a dhéanamh san éagóir,chun fíréantas síoraí a thabhairt i láthair,chun fís agus fáistine a shéalú,chun ionad rónaofa a ungadh.

25 Bíodh a fhios agat agus tuig i d'aigne,ó théann an t‑ordú seo amach:‘Athchóirítear agus tógtar Iarúsailéim,’go teacht ungthaigh, prionsa, seacht seachtaine;agus ar feadh dhá sheachtain agus trí fichidbeifear á thógáil arís le cearnóga agus móta- ach in aimsir bhuartha.

26 Agus tar éis an dá sheachtain is trí fichidgearrfar anuas ungthach [agus fágfar dealbh é].Scriosfar an chathair agus an sanctóirfaoi láimh an phrionsa atá le teacht.Beidh a chríoch i dtuile,agus beidh cogadh go dtí an chríoch;tá mórchuid léirscriosta ceaptha.

27 Déanfaidh sé conradh a dhaingniú lena lánar feadh seachtaine;agus ar feadh leath na seachtainecuirfidh sé cosc le hofráil agus le híobairt.Ar sciathán [an Teampaill] beidh gráiniúlacht an léirscriosta,go dtí an deireadh, go ndoirtfear an chríoch chinnte ar an scriostóir.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14