1 agus ghlac Dáire, an Méideach, seilbh ar an ríocht agus é dhá bhliain agus trí fichid an uair sin.
2 Bheartaigh Dáire céad is fiche satrap a chur os cionn a ríochta, agus iad a bheith i bhfeighil ranna a ríochta uile,
3 faoi cheannas triúr uachtarán - Dainéil ar dhuine acu - a dtabharfadh na satraip seo cuntas dóibh chun nach rachadh aon ní amú ar an rí.
4 Chinn an Dainéil céanna ar na huachtaráin agus ar na satraip tríd an spiorad éachtach a bhí ann i dtreo gur bheartaigh an rí é a chur os cionn a ríochta uile.
5 Ansin chrom na huachtaráin agus na satraip ar chúis stáit a lorg le cur i leith Dhainéil, ach níor éirigh leo cúis ná locht a aimsiú, bhí sé chomh dílis sin, ná ní bhfuarthas faillí ná dearmad le cur ina leith.
6 Ansin dúirt an mhuintir seo: “Ní bhfaighimid cúis ar bith le cur i leith an Dainéil seo, mura bhfaighimid sin i gcúrsaí dlí a Dhé.”
7 Ansin [bhrúcht] na huachtaráin agus na satraip seo isteach i láthair an rí agus labhair siad leis mar a leanas: “A rí Dáire, fad gach aon fhaid ar do shaol!
8 Uachtaráin do ríochta, ceannairí, satraip, airí agus rialtóirí - táimidne uile d'aonaigne gur chóir don rí reacht a rith agus ordú mar a leanas a fhógairt: Cibé a iarrfaidh achainí ar bith ar aon Dia nó ar aon duine ach ortsa amháin ar feadh tríocha lá, é a theilgean isteach in uaimh na leon.
9 Anois, a rí, tabhair feidhm dlí don ordú agus sínigh an chairt i dtreo nach féidir athrú a dhul air de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.”
10 Uime sin shínigh an rí Dáire an chairt agus an reacht.
11 Nuair a thuig Dainéil gur síníodh an chairt, chuaigh sé chun a thí mar a raibh fuinneoga aige ina sheomra uachtarach oscailte i dtreo Iarúsailéim; trí huaire sa lá théadh sé ar a ghlúine ag guí Dé agus á mholadh, mar ba ghnáth leis roimhe sin.
12 Ansin [bhrúcht] an mhuintir seo chuige agus fuair siad Dainéil ag guí is ag achainí i láthair a Dhé.
13 Ansin tháinig siad isteach i láthair an rí i dtaobh an reachta agus dúirt siad leis: “A rí, nár shínigh tú reacht, cibé a dhéanfadh achainí chun dé nó duine ach chugatsa amháin, a rí, ar feadh tríocha lá, go dteilgfí é in uaimh na leon.” D'fhreagair an rí: “Tá an scéal socair de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.”
14 Ansin dúirt siad leis an rí: “An Dainéil úd, duine de na díbearthaigh ó Iúdá, níl aird aige ortsa, a rí, ná ar an reacht atá sínithe agat; trí huaire sa lá a dhéanann sé a achainí.”
15 Ar chloisteáil na mbriathra sin don rí, tháinig suaitheadh air agus bheartaigh sé Dainéil a shaoradh. Go fuineadh néil nóna rinne sé a dhícheall é a shaoradh.
16 Ansin tháinig an mhuintir seo [ina slua] chun an rí agus dúirt siad: “Bíodh a fhios agat, a rí, de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir aon reacht ná órdú a dhéanann an rí a chur ar ceal.”
17 Ansin d'ordaigh an rí Dainéil a thabhairt i láthair agus é a chaitheamh san uaimh chun na leon. Dúirt an rí le Dainéil: “Do Dhia, a bhfuil seirbhís dhílis tugtha agat dó, fuasclaíodh sé thú.”
18 Tugadh cloch agus leagadh ar bhéal na huaimhe í agus chuir an rí a shéala féin agus séala a mhaithe uirthi ionas nach rachadh athrú ar aon ní a bhain le cúis Dhainéil.
19 D'fhill an rí ar a phálás ansin agus chaith an oíche ina throscadh, gan [luí le leannán]. Thréig a chodladh é.
20 Ansin le breacadh an lae d'éirigh an rí agus bhrostaigh leis go huaimh na leon.
21 Láimh leis an uaimh ghlaoigh sé go truacánta ar Dhainéil á rá: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé bheo, an Dia seo dá bhfónann tú go dílis, arbh fhéidir leis tú a fhuascailt ó na leoin?”
22 D'fhreagair Dainéil an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!
23 Tá a aingeal curtha ag Dia chugam; tá clab na leon dúnta aige, agus níl aon dochar déanta acu dom mar go bhfuarthas gan chion mé ina láthair. Agus táim gan choir leis i do láthairse, a rí.”
24 Tháinig lúcháir mhór ar an rí agus d'ordaigh sé Dainéil a thógáil as an uaimh. Tógadh Dainéil uime sin aníos as an uaimh agus fuarthas é slán folláin mar go raibh a mhuinín aige as a Dhia.
25 Ar ordú an rí, tugadh an mhuintir sin a rinne casaoid in aghaidh Dhainéil i láthair agus teilgeadh iad in uaimh na leon, iad féin, a mná agus a gclann; agus sula raibh íochtar na huaimhe sroichte acu bhí siad treascartha ag na leoin agus a gcnámha go léir smiota acu.
26 Agus scríobh an rí, Dáire, chuig an uile phobal, chine agus theanga a áitríonn san uile aird den chruinne: “Síocháin daoibh ina tuile!
27 Seo é an reacht atá agam á achtú: i m'impireacht agus i mo fhlaitheas rí go hiomlán go raibh an uile dhuine ar crith le heagla roimh Dhia Dhainéil,mar is é is Dia beo a mhaireann go deo;ní bheidh díthiú ar a fhlaitheasná críoch ar a thiarnas.
28 Eisean a fhuasclaíonn agus a fhóireann,a dhéanann comharthaí agus míorúiltíar neamh agus ar talamh;shaor sé Dainéil ó chumhacht na leon.”
29 Chuaigh an Dainéil céanna sin chun cinn i réimeas Dháire agus Chíorais, an Peirseach.