3 D'ordaigh an rí ansin do mháistir a choillteán, Aispeanaz, cuid de mhuintir Iosrael a thoghadh, de chlann an rí agus de na teaghlaigh uaisle,
4 ógáin gan ainimh, álainn ina scéimh agus oilte i ngach dán, le bua eagna agus le tuiscint ar léann, agus é ar a gcumas fónamh i bpálás an rí; agus teanga na gCaildéach a mhúineadh dóibh seo.
5 Dháil an rí orthu lón gach lae den bhia blasta ó bhord an rí agus den fhíon a d'óladh sé féin. Bhí siad le hoiliúint ar feadh trí bliana, agus, i gceann na haimsire sin, le freastal ar an rí.
6 Ina measc seo bhí Dainéil, Hanainias, Míséil, agus Azairiá de threibh Iúdá.
7 Thug máistir na gcoillteán ainmneacha orthu: ar Dhainéil thug sé Béiltiseazar, ar Hanainiá Seadrac, ar Mhíséil Méiseac, ar Azairiá Aibéid Neagó.
8 Ach bheartaigh Dainéil nach dtruailleodh sé é féin le bia blasta an rí ná leis an bhfíon a bhí á ól aige; d'iarr sé, uime sin, ar mháistir na gcoillteán a cheadú dó nach dtruailleodh sé é féin.
9 Thug Dia do Dhainéil bua fabhair agus cineáltais ó mháistir na gcoillteán.