1 Sa tríú bliain de réimeas Chíorais, rí na Peirse, nochtadh briathar do Dhainéil ar a dtugtaí Béiltiseazar: b'fhíor é an briathar, ba mhór í an chointinn. Bhain sé adhmad as an mbriathar; thuig sé an fhís.
2 Sna laethanta úd bhí mise, Dainéil, ag déanamh aithrí ar feadh trí seachtaine.
3 Níor chaith mé aon sólas, ní dheachaigh feoil ná fíon i mo bhéal, ná níor chuir mé uinnimint ar bith orm féin go ceann na dtrí sheachtaine sin.
4 Ar an gceathrú lá fichead den chéad mhí, ag seasamh dom ar bhruach na habhann móire, an Tigris is é sin,
5 d'ardaigh mé mo shúile agus d'fhéach mé:Seo fear in éadach lín, agus crios d'ór fíre timpeall a choime;
6 bhí a chorp mar bheiril,a cheannaithe ar dhealramh na tintrí,a shúile mar lóchrainn lasracha,a lámha agus a chosa ar lí an phráis líofa,foghar a bhriathar mar ghlór slua.
7 Mise amháin, Dainéil, a chonaic an fhís seo, mar na fir a bhí faram, ní fhaca siad an fhís ach tháinig ballchrith mór orthu agus theith siad i bhfolach.