10 Féach! bhain lámh liom, agus chuir sí creathán ar mo ghlaca agus ar mo ghlúine.
11 Agus dúirt sé liom: “A Dhainéil, dá dtugtar mórghrá, tabhair cluas do na focail a déarfaidh mé leat: seas suas mar is chugatsa a cuireadh mé anois.” Ag rá na bhfocal seo dó siúd, d'éirigh mé i mo sheasamh agus mé ar crith.
12 Dúirt sé: “Ná bíodh eagla ort, a Dhainéil, is clos d'fhocail ón gcéad lá ar dhírigh tú d'aigne ar an tuiscint agus ar bheartaigh tú thú féin a umhlú i láthair do Dhé; agus toisc do bhriathra atáimse tagtha.
13 Chuir prionsa ríocht na Peirse i mo choinne ar feadh lá agus fiche: ach tháinig Mícheál, ceann de na príomhphrionsaí, i gcabhair orm, agus d'fhág mé ansiúd é le prionsa ríocht na Peirse,
14 agus tháinig mé chun a chur i dtuiscint duit cad atá le titim amach do do mhuintir i gcrích na laethanta; mar féach, seo fís eile do na laethanta sin.”
15 Nuair a bhí na nithe sin ráite aige liom d'iompaigh mé m'aghaidh chun talún gan focal asam;
16 agus féach, neach amhail mac duine ag baint le mo bheola; ansin d'oscail mé mo bhéal chun labhartha, agus dúirt mé leis an té a sheas os mo chomhair: “A thiarna, de dheasca na físe tháinig pianta orm agus fágadh gan neart mé.