16 agus féach, neach amhail mac duine ag baint le mo bheola; ansin d'oscail mé mo bhéal chun labhartha, agus dúirt mé leis an té a sheas os mo chomhair: “A thiarna, de dheasca na físe tháinig pianta orm agus fágadh gan neart mé.
17 Agus conas is féidir le searbhónta do thiarna labhairt le do thiarna, mar nach bhfuil aon neart fágtha ionam agus gan anáil ionam.”
18 Bhain an té a bhí ar dhealramh duine liom arís agus neartaigh mé.
19 Dúirt sé: “Ná bíodh eagla ortsa, dá dtugtar mórghrá; síocháin duit! Bíodh neart agat is misneach ort!” Fad a bhí sé ag labhairt liom, bhraith mé neart ag teacht ionam agus dúirt mé: “Labhraíodh mo thiarna, mar neartaigh tú mé.”
20 Ansin dúirt sé: “An eol duit cén fáth ar tháinig mé chugat?Caithfidh mé filleadh chun catha le prionsa na Peirse; nuair a bheidh mé réidh leis, féach, tiocfaidh prionsa na Gréige.
21 Is d'fhonn go n‑inseoinn duit cad atá scríofa i leabhar na fírinne.Níl neach a throidfeadh láimh liom ina