6 bhí a chorp mar bheiril,a cheannaithe ar dhealramh na tintrí,a shúile mar lóchrainn lasracha,a lámha agus a chosa ar lí an phráis líofa,foghar a bhriathar mar ghlór slua.
7 Mise amháin, Dainéil, a chonaic an fhís seo, mar na fir a bhí faram, ní fhaca siad an fhís ach tháinig ballchrith mór orthu agus theith siad i bhfolach.
8 Fágadh i m'aonar mé ag faire na físe móire seo; d'imigh mo neart, d'athraigh mo lí chun uafaireachta, agus chaill mé mo lúth.
9 Ansin chuala mé fuaim a bhriathra agus le fuaim a bhriathra thit mé i dtámhnéal ar mo bhéal agus ar m'fhiacla ar an talamh.
10 Féach! bhain lámh liom, agus chuir sí creathán ar mo ghlaca agus ar mo ghlúine.
11 Agus dúirt sé liom: “A Dhainéil, dá dtugtar mórghrá, tabhair cluas do na focail a déarfaidh mé leat: seas suas mar is chugatsa a cuireadh mé anois.” Ag rá na bhfocal seo dó siúd, d'éirigh mé i mo sheasamh agus mé ar crith.
12 Dúirt sé: “Ná bíodh eagla ort, a Dhainéil, is clos d'fhocail ón gcéad lá ar dhírigh tú d'aigne ar an tuiscint agus ar bheartaigh tú thú féin a umhlú i láthair do Dhé; agus toisc do bhriathra atáimse tagtha.