11 Ansin, le teann feirge, tiocfaidh rí an deiscirt amach agus troidfidh le rí an tuaiscirt; cruinneoidh seisean arm mór agus tabharfar an slua ina lámha dó.
12 Nuair a ghabhfar an slua, tiocfaidh ardú croí air, agus treascróidh sé mílte ar dheich míle, ach ní rithfidh leis.
13 Baileoidh rí an tuaiscirt slua mór, níos líonmhaire fós ná roimhe seo, agus i gceann na n‑aimsirí tiocfaidh sé ar aghaidh le harmáil mhór agus le flúirse lóin chogaidh.
14 Sna haimsirí sin éireoidh a lán i gcoinne rí an deiscirt, agus éireoidh lucht fornirt i measc do mhuintire féin chun an fhís a chomhlíonadh - ach teipfidh orthu.
15 Tiocfaidh rí an tuaiscirt agus tógfaidh sásanna léigir, agus gheobhaidh sé seilbh ar chathair dhaingean. Ní sheasfaidh sluaite an deiscirt, ná fiú togha a shluaite, mar ní bheidh neart acu seasamh ina aghaidh.
16 Ach an té a thiocfaidh ina choinne, déanfaidh sé leis de réir a thola, agus ní sheasfaidh neach ina aghaidh; seasfaidh sé i dTír na Glóire, agus beidh sé go léir faoina smacht.
17 Cuirfidh sé os a chomhair teacht le tostal a ríochta uile agus tabharfaidh sé coinníollacha síochána leis agus cuirfidh i bhfeidhm iad. Tabharfaidh sé iníon ban dó lena mhilleadh; ach ní sheasóidh sé sin ná ní dhéanfaidh sé tairbhe dó.