17 Cuirfidh sé os a chomhair teacht le tostal a ríochta uile agus tabharfaidh sé coinníollacha síochána leis agus cuirfidh i bhfeidhm iad. Tabharfaidh sé iníon ban dó lena mhilleadh; ach ní sheasóidh sé sin ná ní dhéanfaidh sé tairbhe dó.
18 Ansin iompóidh sé in aghaidh na n‑insí agus gabhfaidh a lán díobh, ach cuirfidh ceann feadhna críoch lena shotal agus caithfidh sé siar air féin é.”
19 “Tabharfaidh sé aghaidh ar dhaingne a thíre féin ansin, ach bainfear tuisle as, titfidh sé agus ní bhfaighfear é.
20 Ina ionad tiocfaidh duine a chuirfidh éilitheoir cánach trí ghlóir na ríochta, ach i mbeagán laethanta brisfear é agus ní i radharc daoine é ná ar pháirc an chatha.”
21 “Ina ionad tiocfaidh suarachán nár tugadh mórgacht ríoga dó: rachaidh sé isteach go ciúin agus gheobhaidh sé seilbh ar an ríocht trí chaimiléireacht.
22 Scuabfar sluaite chun siúil os a chomhair agus brisfear orthu, agus prionsa an chonartha mar chách.
23 Ón uair a dhéanfar conradh leis, imreoidh sé cleasa; agus tiocfaidh ann le beagán buíne.