22 Scuabfar sluaite chun siúil os a chomhair agus brisfear orthu, agus prionsa an chonartha mar chách.
23 Ón uair a dhéanfar conradh leis, imreoidh sé cleasa; agus tiocfaidh ann le beagán buíne.
24 Tiocfaidh sé gan choinne sna dúichí méithe den chúige, agus déanfaidh beart nach ndearna a aithreacha, ná a sheanaithreacha, ag scaipeadh creiche, slaide, agus éadála ina measc. Beartóidh sé in aghaidh na ndaingean, ach ar feadh aimsire amháin.”
25 “Músclóidh sé a neart agus a mhisneach in aghaidh rí an deiscirt le harm mór; fearfaidh rí an deiscirt cogadh ina aghaidh le slua rólíonmhar róchumhachtach, ach ní sheasfaidh sé mar síolfar cealga ina aghaidh.
26 An dream a chaitheann a bhia blasta leis, is iad a mhillfidh é; scuabfar a arm chun siúil agus titfidh na mairbh go líonmhar.”
27 “An dá rí, beidh a n‑aigne dírithe ar an olc; labhróidh siad bréaga agus iad suite ag an aon bhord; ach is in aisce é, mar is ag an uair atá beartaithe a thiocfaidh an chríoch.
28 Fillfidh sé ar a thír le mórchuid saibhris, ach a chroí socair in aghaidh an chonartha naofa. Déanfaidh sé mar is mian leis, agus fillfidh ar a dhúiche féin.