42 Sínfidh sé lámh amach in aghaidh na dtíortha, agus ní éalóidh tír na hÉigipte.
43 Beidh forlámhas aige ar chistí óir is airgid agus ar sheoda luachmhara na hÉigipte. Beidh Libiaigh is Aetóipigh ag lútáil dó.
44 Ach cuirfidh scéala anoir agus scéala aduaidh buairt air agus seolfaidh sé ar aghaidh le buile chun milleadh agus ciorrú a imirt ar a lán.
45 Suífidh sé a phailliún ríoga idir an muir agus sliabh na glóire naofa; ach tiocfaidh sé chun a chríche, agus é gan cabhair ar bith ó aon duine. ”