7 Ina uain féin, éireoidh beangán dá fréamhacha ina áit; tiocfaidh sé in aghaidh na sluaite agus rachaidh sé isteach i ndaingean rí an tuaiscirt, rachaidh i ngleic leo agus béarfaidh bua.
8 Tabharfaidh sé leis mar chreach chun na hÉigipte a ndéithe, a n‑íomhánna, a leastair luachmhara airgid agus óir, agus ar feadh roinnt blianta fanfaidh sé gan ionsaí a dhéanamh ar rí an tuaiscirt.
9 Ach tiocfaidh sé siúd féin isteach i gcríocha rí an deiscirt, ach fillfidh sé ar a thír féin.
10 Fearfaidh a mhic cogadh agus cruinneoidh siad líon mór de shluaite tréana, a bhrúchtfaidh agus a thuileoidh agus a sceithfidh agus a thabharfaidh an cogadh arís chomh fada lena dhaingean.
11 Ansin, le teann feirge, tiocfaidh rí an deiscirt amach agus troidfidh le rí an tuaiscirt; cruinneoidh seisean arm mór agus tabharfar an slua ina lámha dó.
12 Nuair a ghabhfar an slua, tiocfaidh ardú croí air, agus treascróidh sé mílte ar dheich míle, ach ní rithfidh leis.
13 Baileoidh rí an tuaiscirt slua mór, níos líonmhaire fós ná roimhe seo, agus i gceann na n‑aimsirí tiocfaidh sé ar aghaidh le harmáil mhór agus le flúirse lóin chogaidh.