1 Bhí fear darbh ainm Ióicím ina chónaí sa Bhablóin.
2 Bhí sé pósta le bean darbh ainm Súsanna, iníon Hilciá, bean rósciamhach ar a raibh eagla Dé,
3 mar bhí a tuismitheoirí fíréanta agus bhí a n‑iníon oilte acu de réir dhlí Mhaois.
4 Bhí Ióicím an-saibhir agus bhí gairdín fairsing aige in aice a thí agus thagadh na Giúdaigh ina sluaite chuige mar bhí meas air thar cách.
5 An bhliain sin bhí beirt sheanóir den phobal ceaptha ina mbreithiúna. Ina dtaobh seo bhí ráite ag an Tiarna: “Sceith an t‑olc ón mBablóin amach ó sheanóirí breithiún a measadh a bhí ag rialú an phobail.”