18 Rinne siad mar a d'aithin sí agus dhún siad doirse an ghairdín agus chuaigh siad amach taobhdhoras ag iarraidh na nithe a d'ordaigh sí, gan na seanóirí a bhí i bhfolach a fheiceáil.
19 Nuair a bhí na hionailtí imithe amach d'éirigh an bheirt sheanóir agus rith siad anonn chun Súsanna agus dúirt siad léi:
20 “Féach, tá doirse an ghairdín dúnta; ní fheiceann aon duine sinn, agus táimid i ngrá leat! Géill dúinn agus luigh linn!
21 Mura ndéana tú, tabharfaimid fianaise i d'aghaidh go raibh ógfhear farat agus gur dá bharr sin a sheol tú d'ionailtí uait.”
22 Lig Súsanna osna aisti agus dúirt: “Táim sáinnithe ar gach taobh: má ghéillim, is bás dom é; mura ndéanaim níl dul as agam uaibhse.
23 Ach is fearr liom titim gan choir in bhur lámha, ná peaca a dhéanamh os comhair an Tiarna.”
24 Liúigh sí in ard a cinn is a gutha, agus ghlaoigh na seanóirí ina coinne,