26 Nuair a chuala giollaí an tí an liúireach sa ghairdín, rith siad isteach an taobhdhoras chun a fheiceáil cad a tharla di.
27 Nuair a bhí deireadh a scéil ráite ag na seanóirí, bhí na giollaí lán de náire mar nár dúradh a leithéid riamh i dtaobh Shúsanna.
28 Lá arna mhárach, chruinnigh na daoine go teach Ióicím, a céile. Tháinig an bheirt sheanóir ann, an t‑olc ina gcroí acu, agus rún acu Súsanna a chur chun báis.
29 Dúirt siad os comhair an phobail: “Cuirtear fios ar Shúsanna, iníon Hilciá, bean Ióicím!” Cuireadh fios uirthi.
30 Tháinig sise agus a tuismitheoirí, a clann, agus a gaolta go léir, ina fochair.
31 Bean lán de mhaise agus de scéimh ba ea Súsanna.
32 Ós rud é go raibh fial uimpi, d'ordaigh na scraistí é a bhaint di chun a háilleacht a bhlas go smior.