30 Tháinig sise agus a tuismitheoirí, a clann, agus a gaolta go léir, ina fochair.
31 Bean lán de mhaise agus de scéimh ba ea Súsanna.
32 Ós rud é go raibh fial uimpi, d'ordaigh na scraistí é a bhaint di chun a háilleacht a bhlas go smior.
33 Bhí a muintir, agus a cairde, agus gach aon duine a chonaic í ag sileadh na ndeor.
34 Sheas an bheirt sheanóir i lár an tslua agus leag siad a lámha ar a ceann.
35 D'fhéach sise suas chun neimhe agus na deora lena súile, mar bhí muinín a croí aici as an Tiarna.
36 Dúirt na seanóirí: “Nuair a bhíomar ag spaisteoireacht linn féin sa ghairdín, tháinig an bhean seo isteach agus beirt ionailt léi. Dhún sí doirse an ghairdín agus chuir sí na hionailtí chun siúil.