37 Ansin tháinig ógfhear a bhí i bhfolach chuici agus luigh sé léi.
38 Bhíomarna i gcúinne den ghairdín agus nuair a chonaiceamar an choirpeacht seo, ritheamar chucu;
39 fuaireamar radharc soiléir orthu i mbarróg a chéile, ach níor fhéadamar breith ar an ógánach; bhí sé róláidir dúinn agus d'oscail sé na doirse agus theith leis.
40 Rugamar uirthi seo, áfach, agus d'fhiafraíomar di cérbh é an t‑ógfhear,
41 ach ní inseodh sí dúinn. Sin í agaibh ár bhfianaise.”Chreid an slua iad mar gur de sheanóirí an phobail iad agus gur bhreithiúna iad; daoradh chun báis í.
42 Ansin ghlaoigh Súsanna de ghuth ard: “A Dhia shíoraí, is léir duit na rúin, agus is eol duit gach ní sula dtagann sé chun críche;
43 is maith is eol duit gur fianaise bhréige a thug siad siúd i m'aghaidh. Seo mé anois ag dul chun báis! cé nach ndearna mé aon cheann de na nithe seo a chuir siad i mo leith go bréagach mailíseach.”