40 Rugamar uirthi seo, áfach, agus d'fhiafraíomar di cérbh é an t‑ógfhear,
41 ach ní inseodh sí dúinn. Sin í agaibh ár bhfianaise.”Chreid an slua iad mar gur de sheanóirí an phobail iad agus gur bhreithiúna iad; daoradh chun báis í.
42 Ansin ghlaoigh Súsanna de ghuth ard: “A Dhia shíoraí, is léir duit na rúin, agus is eol duit gach ní sula dtagann sé chun críche;
43 is maith is eol duit gur fianaise bhréige a thug siad siúd i m'aghaidh. Seo mé anois ag dul chun báis! cé nach ndearna mé aon cheann de na nithe seo a chuir siad i mo leith go bréagach mailíseach.”
44 Thug an Tiarna cluas di.
45 Nuair a bhí sí á seoladh amach chun báis, spreag Dia naomhspiorad macaoimh óig darb ainm Dainéil,
46 agus ghlaoigh sé seo in ard a chinn: “Táimse neamhchiontach i bhfuil na mná seo!”