50 Bhrostaigh na daoine uile ar ais agus dúirt na seanóirí le Dainéil: “Tar, suigh inár measc agus nocht dúinn do smaointe mar thug Dia an ceart sin duit.”
51 Dúirt Dainéil leo: “Scartar iad seo i bhfad ó chéile agus ceisteoidh mise iad.”
52 Nuair a bhí siad scartha ó chéile ghlaoigh sé chuige ar dhuine díobh agus dúirt leis: “A iarlais aosta an oilc, tá ag filleadh anuas sa mhullach ort na peacaí a rinne tú roimhe seo,
53 nuair a thug tú breitheanna éagóracha ag daoradh na neamhchiontach agus ag scaoileadh na gciontach saor, cé go ndúirt an Tiarna: ‘Ná cuir chun báis an neamhchiontach ná an fíréan.’
54 Má chonaic tú í dáiríre, más ea, inis dom: Cén sort crainn a raibh siad faoi nuair a chonaic tú iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann maisteoige.”
55 “Le fírinne,” arsa Dainéil, “tá d'éitheach tugtha agat le titim sa mhullach ort féin; tá breithiúnas Dé faighte uaidh cheana féin ag a aingeal agus scoiltfidh sé trí do lár thú.”
56 Chuir sé é siúd i leataobh agus d'ordaigh sé an seanóir eile a thabhairt ina láthair. “A phór Chanán, agus ní Iúdá, mheall an scéimh thú agus thruailligh an ainmhian an croí agat.