55 “Le fírinne,” arsa Dainéil, “tá d'éitheach tugtha agat le titim sa mhullach ort féin; tá breithiúnas Dé faighte uaidh cheana féin ag a aingeal agus scoiltfidh sé trí do lár thú.”
56 Chuir sé é siúd i leataobh agus d'ordaigh sé an seanóir eile a thabhairt ina láthair. “A phór Chanán, agus ní Iúdá, mheall an scéimh thú agus thruailligh an ainmhian an croí agat.
57 Is mar sin a dhéanadh sibh le hógmhná Iosrael agus d'aontaigh siad libh le corp eagla; ach, féach, nár fhéad ógbhean Iúdá cur suas le bhur mí-iompar!
58 Inis dom, más ea: Cén sórt crainn a raibh siad faoi nuair a tháinig tú orthu agus iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann tuilm.”
59 Dúirt Dainéil leis: “Le fírinne, tá d'éitheach tugtha agatsa freisin le titim sa mhullach ort féin: féach, tá aingeal Dé, agus a chlaíomh ina láimh aige, ag feitheamh chun tú a ghearradh trí do lár, agus deireadh a bheith libh araon.”
60 Ansin liúigh an comhthionól uile go hard agus mhol siad Dia a shaorann gach n‑aon a chuireann a mhuinín ann.
61 D'éirigh siad suas in aghaidh na beirte seanóirí a bhí daortha óna mbéal féin ag Dainéil toisc gur thug siad fianaise bhréige,