58 Inis dom, más ea: Cén sórt crainn a raibh siad faoi nuair a tháinig tú orthu agus iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann tuilm.”
59 Dúirt Dainéil leis: “Le fírinne, tá d'éitheach tugtha agatsa freisin le titim sa mhullach ort féin: féach, tá aingeal Dé, agus a chlaíomh ina láimh aige, ag feitheamh chun tú a ghearradh trí do lár, agus deireadh a bheith libh araon.”
60 Ansin liúigh an comhthionól uile go hard agus mhol siad Dia a shaorann gach n‑aon a chuireann a mhuinín ann.
61 D'éirigh siad suas in aghaidh na beirte seanóirí a bhí daortha óna mbéal féin ag Dainéil toisc gur thug siad fianaise bhréige,
62 agus chúitigh siad leo, de réir dhlí Mhaois, an íde éagórach a bheartaigh siad a dhéanamh ar a gcomharsa. Chuir siad an bheirt chun báis agus saoradh fuil neamhchiontach ón mbás an lá úd.
63 Thug Hilciá agus a bhean buíochas do Dhia ar son a n‑iníne Súsanna - rud a rinne Ióicím, a céile, agus a gaolta uile chomh maith - toisc nach bhfuarthas aon chúis táire inti.
64 Ón lá sin amach ba mhór é Dainéil i súile an phobail.