9 Chlaon siad a n‑aigne agus d'iompaigh siad a súile chun nach mbreathnóidís suas chun na bhFlaitheas agus nár chuimhin leo éilimh na córa.
10 Bhí siad araon cloíte le hainmhian inti, ach gan a gcruachás a insint dá chéile,
11 mar go raibh náire orthu a saint chun luí léi a nochtadh.
12 D'fhair siad go fonnmhar gach lá chun í a fheiceáil.
13 Lá áirithe d'fhág siad slán ag a chéile ag rá: “Téimis abhaile, mar tá sé in am dinnéir,”
14 agus nuair a chuaigh siad amach scar siad ó chéile. Ach d'fhill siad araon arís agus bhuail siad lena chéile. Nuair a d'fhiafraigh fear den fhear eile cad ina thaobh, d'admhaigh siad a n‑ainmhian. Ansin i dteannta a chéile shocraigh siad uair ar a bhfaighidís faill uirthi ina haonar.
15 Lá eile agus iad ag faire ar a ndeis, chuaigh Súsanna isteach mar ba ghnáth léi, agus gan ach dhá ionailt léi agus b'áil léi fothragadh sa ghairdín mar bhí sé ina bhrothall.