1 Cuireadh Aistíagaes chun suain lena aithreacha, agus fuair Cíoras an Peirseach seilbh ar a ríocht.
2 Mhair Dainéil mar aoi ag an rí agus ba é cara ba mhó é a fuair onóir uaidh.
3 Anois bhí íol, Béil, ag na Bablónaigh, agus d'ofrálaidís sa lá dó dhá bhuiséal déag de phlúr mín, daichead caora, agus leathchéad galún fíona.
4 Bhíodh an rí á adhradh freisin agus théadh sé gach lá chun ómós a thabhairt dó. Ach Dainéil, thug sé siúd adhradh dá Dhia féin.