11 Agus dúirt sagairt Bhéil leis: “Féach, táimidne ag dul amach as seo, agus, a rí, leag féin an bia amach agus measc an fíon agus ofráil é; ansin iaigh an doras agus séalaigh é le do shéala féin. Nuair a thiocfaidh tú ar ais ar maidin amárach, má fheiceann tú nach bhfuil gach rud ite ag Béil, bíodh an bás mar phionós orainn; nó, sa chás go mbíonn, bíodh sé ar Dhainéil, atá ag tromaíocht orainn.”
12 Ní raibh aon mhairg orthu mar bhí slí rúin déanta isteach faoin mbord acu agus ba ghnáth leo dul isteach tríthi agus an lón a chaitheamh.
13 Nuair a bhí siad imithe amach leag an rí an bia amach roimh Bhéil.
14 Ansin d'ordaigh Dainéil dá sheirbhísigh luaith a thabhairt chuige agus leath siad í ar fud urlár an teampaill uile agus gan aon duine ach an rí amháin i láthair. Ansin amach leo; d'iaigh siad an doras, shéalaigh siad é le séala an rí, agus d'imigh siad leo.
15 Tháinig na sagairt istoíche, mar ba ghnáth, lena mná is a bpáistí, agus d'ith siad agus d'ól siad a raibh ann.
16 D'éirigh an rí go moch agus tháinig sé agus Dainéil fairis.
17 D'fhiafraigh an rí: “An bhfuil na séalaí gan briseadh, a Dhainéil?” “Tá siad slán, a rí,” d'fhreagair Dainéil.