16 D'éirigh an rí go moch agus tháinig sé agus Dainéil fairis.
17 D'fhiafraigh an rí: “An bhfuil na séalaí gan briseadh, a Dhainéil?” “Tá siad slán, a rí,” d'fhreagair Dainéil.
18 A luaithe a d'oscail sé an doras, d'fhéach an rí ar an mbord agus ghlaoigh in ard a chinn: “Is mór tú, a Bhéil, agus níl caimiléireacht ar bith ag baint leat.”
19 Gháir Dainéil agus choisc ar an rí dul isteach: “Féach ar an urlár,” ar sé, “agus tabhair faoi deara cé a d'fhág rian seo na gcos.”
20 “Feicim rian cos fear agus ban agus páistí,” arsa an rí.
21 Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh.
22 Chuir an rí chun báis iad agus thug sé Béil suas do Dhainéil; scrios sé siúd an t‑íol agus a theampall.