19 Gháir Dainéil agus choisc ar an rí dul isteach: “Féach ar an urlár,” ar sé, “agus tabhair faoi deara cé a d'fhág rian seo na gcos.”
20 “Feicim rian cos fear agus ban agus páistí,” arsa an rí.
21 Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh.
22 Chuir an rí chun báis iad agus thug sé Béil suas do Dhainéil; scrios sé siúd an t‑íol agus a theampall.
23 Bhí sa Bhablóin dragan mór a bhí á adhradh ag an bpobal.
24 Dúirt an rí le Dainéil: “Ní féidir duit a shéanadh gur dia beo é seo! Adhair é dá bhrí sin.”
25 D'fhreagair Dainéil: “Adhraim an Tiarna mo Dhia; is é sin is Dia beo ann.