32 Bhí seacht leon san uaimh agus is é bia a thugtaí dóibh dhá chorp dhaonna agus dhá chaora sa lá; ach níor tugadh dóibh ansin iad chun go n‑alpaidís Dainéil.
33 Bhí an fáidh Habacúc in Iúdá an uair sin; bhí leite bhruite agus brúscar aráin aige i mbabhla, agus é á dtabhairt leis don ghort chun na mbuanaithe.
34 Ach dúirt aingeal an Tiarna le Habacúc: “Beir leat an bia atá agat go dtí an Bhablóin, go Dainéil in uaimh na leon.”
35 “A Thiarna,” arsa Habacúc, “ní fhaca riamh an Bhablóin, ná ní eol dom an uaimh seo.”
36 Ansin rug aingeal an Tiarna ar mhullach a chinn air agus d'ardaigh leis ar urla é le luas na gaoithe chun na Bablóine mar ar lig sé síos é ar bhéal na huaimhe.
37 Ghlaoigh Habacúc: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé, tóg an dinnéar a chuir Dia chugat.”
38 Agus dúirt Dainéil: “A Dhia liom, chuimhnigh tú orm agus níor thréig tú iad siúd a ghránn tú.”