39 D'éirigh Dainéil agus d'ith sé an bia. Agus d'fhág aingeal Dé Habacúc ar ais ina dhúiche féin gan mhoill.
40 Ar an seachtú lá tháinig an rí chun Dainéil á chaoineadh. Chuaigh sé chun na huaimhe agus d'fhéach isteach agus b'shiúd é Dainéil ina shuí go sochma.
41 D'éigh an rí in ard a ghutha agus dúirt: “Is éachtach tú a Thiarna Dia Dhainéil agus níl aon Dia eile ann ach thú!”
42 Tharraing sé Dainéil amach ansin as uaimh na leon agus theilg isteach inti iad seo arbh áil leo é a chur chun báis; alpadh iad laithreach baill os comhair a shúl.