8 Tháinig fearg ar an rí agus chuir sé fios ar na sagairt agus dúirt sé leo: “Mura n‑insíonn sibh dom cé a itheann na soláthairtí bia seo, cuirfear chun báis sibh; ach má chruthaíonn sibh gurb é Béil a itheann iad, is é Dainéil a chuirfear chun báis mar thug sé masla do Bhéil.”
9 Dúirt Dainéil leis an rí: “Go ndéantar de réir do bhriathair!” Ba é a deich agus trí fichid líon na sagart, gan a mná agus a bpáistí a chomhaireamh.
10 Chuaigh an rí isteach i dteampall Bhéil le Dainéil.
11 Agus dúirt sagairt Bhéil leis: “Féach, táimidne ag dul amach as seo, agus, a rí, leag féin an bia amach agus measc an fíon agus ofráil é; ansin iaigh an doras agus séalaigh é le do shéala féin. Nuair a thiocfaidh tú ar ais ar maidin amárach, má fheiceann tú nach bhfuil gach rud ite ag Béil, bíodh an bás mar phionós orainn; nó, sa chás go mbíonn, bíodh sé ar Dhainéil, atá ag tromaíocht orainn.”
12 Ní raibh aon mhairg orthu mar bhí slí rúin déanta isteach faoin mbord acu agus ba ghnáth leo dul isteach tríthi agus an lón a chaitheamh.
13 Nuair a bhí siad imithe amach leag an rí an bia amach roimh Bhéil.
14 Ansin d'ordaigh Dainéil dá sheirbhísigh luaith a thabhairt chuige agus leath siad í ar fud urlár an teampaill uile agus gan aon duine ach an rí amháin i láthair. Ansin amach leo; d'iaigh siad an doras, shéalaigh siad é le séala an rí, agus d'imigh siad leo.