1 Sa dara bliain de réimeas Nabúcadnazar rinneadh taibhrimh do Nabúcadnazar i dtreo gur suaitheadh a spiorad agus gur thréig an codladh é.
2 Ansin d'ordaigh an rí glaoch ar an lucht gintlíochta agus draíochta, ar na hasarlaithe agus ar na Caildéigh, chun a thaibhrimh a insint don rí. Tháinig siadsan isteach dá bhrí sin agus sheas siad i láthair an rí.
3 Dúirt an rí leo ansin: “Chonaic mé taibhreamh agus buaireadh mo spiorad le fonn an taibhreamh a thuiscint.”
4 D'fhreagair na Caildéigh an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol. Inis do thaibhreamh do do shearbhóntaí agus léireoimid a chiall.”
5 D'fhreagair an rí na Caildéigh: “Chun gurbh eol daoibh mo bheartas cinnte: mura léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall domsa, stollfar bhur mbaill óna chéile agus scartálfar bhur dtithe ó bhonn.