13 Fógraíodh aithne seo an rí na saoithe uile a chur chun báis, agus chuathas ar thóir Dhainéil agus a chompánach chun a mbásaithe.
14 Ach le stuaim agus le gaois d'fhreagair Dainéil Airíoc, ceannaire gharda an rí a chuaigh amach chun saoithe na Bablóine a bhású.
15 Dúirt sé le hAiríoc, ceann feadhna an rí: “Cad ina thaobh,” ar seisean, “go bhfuil ordú chomh dian sin ón rí?” D'inis Airíoc an scéal do Dhainéil,
16 agus isteach le Dainéil agus d'iarr ar an rí aga a thabhairt dó chun a chiall a léiriú don rí.
17 D'fhill Dainéil ar a theach agus lig sé an scéal le Hanainiá, Míséil agus Azairiá, a chompánaigh,
18 chun go n‑impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine.
19 Ansin foilsíodh an rundiamhair do Dhainéil i bhfís oíche. An sin bheannaigh Dainéil Dia neimhe.