21 Athraíonn sé uaine agus réannaagus is é a leagann síos ríthe agus a ardaíonn ríthe,a thugann eagna do shaoithe,agus eolas dóibh siúd a bhfuil tuiscint acu.
22 Is é a léiríonn a bhfuil domhain agus diamhair,a bhfuil a fhios aige cad atá sa dorchachta bhfuil an solas ina chónaí fairis.
23 Duitse, a Dhia m'aithreacha, a bheirim buíochas agus moladhMar gur bhronn tú orm eagna agus [intleacht];féach anois mhúin tú dom an ní ar ghuíomar thú ar a shon;léirigh tú dúinn fadhb an rí.
24 Chuaigh Dainéil isteach go hAiríoc ar thug an rí ordú dó saoithe na Bablóine a scriosadh. Chuaigh sé chuige agus dúirt: “Ná scrios saoithe na Bablóine: tabhair mise isteach i láthair an rí agus foilseoidh mé don rí a chiall siúd.”
25 Ansin bhrostaigh Airíoc Dainéil isteach i láthair an rí agus dúirt sé leis: “Fuair mé i measc bránna Iúdá duine a inseoidh an chiall don rí.”
26 Labhair an rí le Dainéil (ar a dtugtaí Béiltiseazar): “An féidir leat,” ar seisean, “an taibhreamh a chonaic mé agus a chiall sin, a léiriú dom?”
27 D'fhreagair Dainéil an rí: “An rún atá á lorg ag an rí, ní féidir le saoithe ná le draoithe, le hasarlaithe ná le fáistinigh, é a thaispeáint don rí.