28 Ach tá Dia ar neamh a nochtann rúin agus tá sé curtha in iúl aige don rí Nabúcadnazar cad atá le teacht sna laethanta deireanacha. Seo d'aisling agus físeanna do chinn ar do leaba:”
29 “I do luí duit ar do leaba, a rí, tháinig chugat smaointe i dtaobh cad a chaithfeadh teacht chun críche níos déanaí, agus, an té a nochtann rúin, d'fhoilsigh sé duit cad tá le teacht chun críche.
30 Maidir liomsa, ní toisc aon eagna a bheith agam seachas cách a nochtadh an rúndiamhair seo dom, ach chun go bhfoilseofaí a chiall siúd don rí agus chun gurbh eol duit smaointe do chroí.
31 Deineadh fís duit, a rí. Féach íomhá, íomhá ollmhór, í ar bharr gile agus ina seasamh os do chomhair go haduafar le feiceáil.
32 D'ór fíre ceann na híomhá, a hucht agus a géaga d'airgead, a bolg agus a sliasta de phrás,
33 a cosa d'iarann agus a troithe i gcuid d'iarann, i gcuid de chré.
34 D'fhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe d'iarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh.