44 I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách,
45 díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.”
46 Thit an rí ar a bhéal agus ar a fhiacla agus thug ómós do Dhainéil agus d'ordaigh íobairt agus ofráil túise a dhéanamh dó.
47 Dúirt an rí le Dainéil: “Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó d'fhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.”
48 Thug an rí onóir ard do Dhainéil agus iomad duaiseanna móra: rinne sé rialtóir de ar chúige na Bablóine uile, agus maor ar shaoithe uile na Bablóine.
49 Rinne Dainéil achainí chun an rí ansin i dtreo gur chuir sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, ach d'fhan Dainéil féin i gcúirt an rí.