6 Ach má léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall dom gheobhaidh sibh uaim tabhartais agus luaíochtaí agus iomad onóra. Léirígí dom an taibhreamh dá bhrí sin agus mínigí dom a chiall.”
7 D'fhreagair siad athuair: “Insíodh an rí a thaibhreamh dá shearbhóntaí, agus léireoimidne a chiall.”
8 Dúirt an rí á bhfreagairt: “Is eol dom go bhfuil sibh ag feitheamh na faille mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil mo bheartas do-athraithe fógartha,
9 mura n‑insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t‑aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t‑am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.”
10 D'fhreagair na Caildéigh an rí: “Níl aon duine ar talamh a d'fhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a d'iarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach.
11 Is crua an ní é seo a lorgann an rí agus ní fhéadfadh aon duine é a léiriú don rí ach na déithe nach bhfuil a gcónaí i measc daoine.”
12 Dá bharr seo tháinig racht feirge ar an rí agus d'ordaigh sé saoithe uile na Bablóine a scriosadh.