1 Rinne an rí Nabúcadnazar íomhá óir trí fichid banlámh ar airde agus sé bhanlámh ar leithead. Chuir sé ina seasamh í i má Dhúrá i gcúige na Bablóine.
2 Ansin ghairm Nabúcadnazar na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí chun teacht chun coisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar rí.
3 Ansin bhí na satraip, na huachtaráin, na rialtoirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí cruinnithe le chéile do choisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar agus iad ina seasamh os comhair na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar.
4 D'fhógair an callaire os ard: “A dhaoine de gach cine, náisiún, agus teanga, seo daoibh an t‑ordú atá tugtha:
5 cibé uair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála agus gach sort uirlise ceoil, sibh a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir atá curtha suas ag Nabúcadnazar rí.