14 Dúirt Nabúcadnazar leo: “An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n‑adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam?
15 Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?”
16 D'fhreagair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó an rí Nabúcadnazar: “Ní gá dúinn,” arsa siad, “freagra a thabhairt ort sa ghnó seo.
17 Is féidir sa chás sin lenár nDia, dá bhfónaimid, sinn a shaoradh ón bhfoirnéis ag spréacharnach le lasair agus ó do láimhse, a rí; agus déanfaidh sé sinn a shaoradh.
18 Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n‑adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.”
19 Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D'aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth
20 agus d'ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.