19 Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D'aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth
20 agus d'ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
21 Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
22 Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d'iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó.
23 Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
24 Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna.
25 Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá: