32 Thug tú sinn i lámha ár namhad,do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach,agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain.
33 Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt;táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d'adhartha.
34 Ná tréig sinn ar fad ar son d'aimnagus ná bris do chonradh.
35 Ná tóg ar ais uainn do thrócairear son Abrahám do chara,agus Íosác do shearbhónta,is Iosrael do neach naofa,
36 ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe,agus le gaineamh ar thrá na mara.
37 Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile,agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí.
38 Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa,uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis,ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit,