34 Ná tréig sinn ar fad ar son d'aimnagus ná bris do chonradh.
35 Ná tóg ar ais uainn do thrócairear son Abrahám do chara,agus Íosác do shearbhónta,is Iosrael do neach naofa,
36 ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe,agus le gaineamh ar thrá na mara.
37 Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile,agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí.
38 Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa,uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis,ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit,
39 agus trócaire a fháil os do chomhair.Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn,
40 mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbhagus leis na mílte ar dheich mílte d'uain mhéithe;gurb amhlaidh sin dár n‑íobairt inniu os do chomhair,i slí is go leanfaimid thú go hiomlán,mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa.